Cruinniú Domhanda an Teaghlaigh 2018

by | Mar 9, 2017 | WMOF2018 Archive

I ngach sochaí ar fud an domhain, aithnítear caidreamh uilíoch. Caidreamh atá ina nasc eadrainn. Caidreamh an teaghlaigh.

Is clann mhac agus iníonacha sinn, máithreacha ‘s aithreacha, seantuismitheoirí, aintiní, uncailí, colceathracha, deartháracha agus deirfiúracha…

Baineann a chion féin de dhúshláin leis an teaghlach. Ach, seans gurb ann a bhraithimid an lúcháir is mó agus an gean is doimhne.

Is ionann gliondar ghrá an teaghlaigh agus gliondar na hEaglaise. Is teaghlach í an Eaglais Chaitliceach féin a chuimsíonn ár dteaghlaigh uilig.

Uair gach trí bliain, eagraíonn an Eaglais an cruinniú idirnáisiúnta teaghlach is mó ar domhan.

Sa bhliain 2018, is i mBaile Átha Cliath a bheas an cruinniú sé ar siúl. Áit atá aitheanta as an oidhreacht ársa Chríostaí a bhaineann léi agus fáilte a chur roimh stróinséirí.

Ar feadh na gcéadta bliain, théadh misinéirí ó Éirinn ag fógairt an tSoiscéil ar fud na cruinne. Anois, táimid ag súil le fáilte a chur roimh theaghlaigh ó gach cearn den domhan chuig Cruinniú Domhanda an Teaghlaigh 2018 agus le cúnamh Dé go mbeidh an Pápa Proinisas inár measc d’Fhéile na dTeaghlach agus don aifreann deireanach.

Is iomaí cineál teaghlach atá ann; bígi linn i mBaile Átha Cliath ag Cruinniú Domhanda an Teaghlaigh 2018 nuair a bheas muid ag ceiliúradh gach gné de shaol an teaghlaigh agus gach a mbaineann leis idir iontas, neart, dushláin agus buanna.

Móreispéireas saoil a thabharfaidh tacaíocht agus cothabháil duit féin agus do do chlann-sa.

www.worldmeeting2018.ie
#wmof2018